You can access the distribution details by navigating to My Print Books(POD) > Distribution

Add a Review

STÍLITHE NA GAEILGE

STÍLITHE NA GAEILGE
CAOIMHGHIN Ó GHÓILIDHE
Type: Print Book
Genre: Literature & Fiction
Language: Gaelic (Irish)
Price: ₹171 + shipping
Price: ₹171 + shipping
Dispatched in 5-7 business days.
Shipping Time Extra

Description

Rugadh Caoimhghin Ó Goilidhe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1913; b’é Seán Ua Góilidhe, [John Golden] Corcaíoch, a athair agus Áine, a mháthair, Áth Cliathach ó dhúchas. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil na mBráithre, Sráid Synge, a bhunchéim, a chéim mháistir agus a Ph.D. i gColáiste na hOllscoile. Chaith sé an chuid is mó dá shaol mar mhúinteoir, thíos i Má Chromtha ar dtúis agus i mBaile Átha Cliath níos déanaí. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Mhurchú agus bhí iníon agus triúr mac acu. Ba fhear mór Gaeilge é agus baint aige le bunú an Chomhchaidrimh agus leis na Teaghlaigh Ghaelacha.

Ba fhear é a raibh dúil ana-mhór aige i litríocht na nGael agus eolas domhain aige ina taobh chomh maith. I dtreo go mbeadh daoine eile in ann sochar éigin a bhaint as a chuid eolais ina leith, bhain sé leas as a pheann chun é a roinnt leo go fial. Teagascóir den scoth ab ea é, agus seachas a chuid oibre mar mhúinteoir scríobh sé nótaí i gcomhair scoileanna ar théacsanna éagsúla Gaeilge. B’é Albert Folens a d’fhoilsigh iad, foilsitheoir nach raibh ach tar éis teacht ar an saol; sa bhliain 1974, d’fhoilsigh ‘ Folens agus a Chuid’ An Díolaim Filíochta don Ardteistiméireacht a chuir sé in eagar maille le nótaí gearchúiseacha i leith na ndánta ann.
D’fhonn cur lena chuid eolais ar bhonn níos cuimsithí fós dhein sé taighde ar phrós-saothar na Gaeilge i rith 500 blian; b’in é ábhar an tráchtais i gcomhair an PhD. a ghnóthaigh sé i gColáiste na hOllscoile, Áth Cliath. De thoradh a chuid taighde scríobh sé altanna ar ‘Stílithe na Gaeilge’ a foilsíodh san iris Comhar agus in Inniu, mar atá i gcló sa chnuasach seo. Theastaigh uaidh ábhar spreagúil a sholáthar do lucht léite na Gaeilge, agus ar an ábhar sin scríobh sé an-chuid aistí i gcomhair na hirise Inniu. Chuir siad go mór le réimsí an eolais a bhí ar fáil sa Ghaeilge. Ag uaireanta éagsúla d’fhoilsigh Inniu na sraitheanna ‘Bhíodar seo inár Measc’(1948) – ar chuairteoirí cáiliúla a thug cuairt ar Bhaile Átha Cliath tráth; ‘Cathracha faoi Úir’ (1950) – ar shean-sibhialtachtaí ; ‘Comhaimsirigh’(1951) – agallaimh le daoine a bhí i mbéal an phobail ag an uair, agus lean an tsraith sin go ceann i bhfad.
Deirtear go bhféadtar teacht ar thuiscint i leith mhianaigh duine trí staidéar a dhéanamh ar na leabhair ba ansa leis. Ní fhéadfadh sé sin bheith níos fírinní i gcás Chaoimhghin Ó Góilidhe. Dhein sé a chion leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn.

About the Author

CURTHA IN EAGAR ag RISTEÁRD MAC ANNRAOI I dtús báire caithfidh mé admháil go bhfuilim faoi chomaoin mhór ag Murchadha Ó Góilidhe agus ag a dheirfiúr Áine Ó Dea a cheadaigh dom an cnuasach seo d’aistí de chuid a n-athar, Caoimhghin Ó Góilidhe (1913-1984) a thabhairt ar an saol faoi chruth leabhar.

Book Details

Publisher: CURTHA IN EAGAR ag RISTEÁRD MAC ANNRAOI
Number of Pages: 105
Dimensions: 5"x8"
Interior Pages: B&W
Binding: Paperback (Perfect Binding)
Availability: In Stock (Print on Demand)

Ratings & Reviews

STÍLITHE NA GAEILGE

STÍLITHE NA GAEILGE

(Not Available)

Review This Book

Write your thoughts about this book.

Currently there are no reviews available for this book.

Be the first one to write a review for the book STÍLITHE NA GAEILGE.

Other Books in Literature & Fiction

Shop with confidence

Safe and secured checkout, payments powered by Razorpay. Pay with Credit/Debit Cards, Net Banking, Wallets, UPI or via bank account transfer and Cheque/DD. Payment Option FAQs.